Search

Columnists

Lá breá a bheidh ann nuair a bheidh daoine bródúil as a gcuid Gaeilge


Last Updated Jul 2010
By: TCM Editorial

Seo séasúr na Gaeilinns (nó na lá breás mar a thugann daoine anseo tímpeall orthu).

Cé h-iad seo?

Siad na micléinn óga a thagann go Chorca Dhuibhne (agus go Gaeltachtaí eile ar fud na tíre) gach samhradh chun Gaeilge a fhoghlaim.

Cé gur maith an rud é go dtagann na daoine óga seo ar chuairt chughainn (ó thaobh na teanga agus ó thaobh na h-eacnamaíochta áitiúla dhe), ní h-é sin a bheidh faoi chaibidil agam inniu.

Ní h-ea, ach conas níos mó tairbhe a bhaint astu chun bá i leith na teanga a chothú ina measc.

Tugann na mílte díobh turas ar an nGaeltacht gach bliain, áit a chaitheann siad roinnt seachtainí ag fanacht le teaghlaigh lán Ghaelacha.

Bíonn ranganna Gaeilge acu ar maidin. Imríonn siad spórt agus glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí eile tar éis loin. Bíonn céilithe ar siúl gach tráthnóna.

Agus tárlaíonn gach rud trí mheán na Gaeilge.

Nó ba cheart go dtárlódh. Is cuimhin liomsa nuair a thagaidís tímpeall nuair a bhíos i mo dhéagóir óg.

Bhímís go léir ag súil leo agus gach éinne againn dóchasach go mbeadh buachaillí dathúla (nó cailíní) ina measc. (Caithfidh mé a admháil gur thugas mo chéad póg do bhuachaill óg as Cathair Chorcaí a bhí tímpeall ar chúrsa Gaeilge!)

Anois, cheapfá gurb iontach an rud é an caidreamh seo a bheith idir na scoláirí agus muintir na h-áite ach deirimse leat nárbh ea. Cad ina thaobh?

Mar gur labhair gach aon duine againn Béarla leo. Ní raibh aon mheas ag éinne againn ar an nGaeilge ag an dtráth úd.

Agus más fíor mo chuimhne, níor chur na múinteoirí a bhí i bhfeighil ar an gcúrsa mórán brú ar éinne Gaeilge a labhairt. Caithfidh nár éirigh ró mhaith leis na cúrsaí mar lean an chlaonadh i dtreo droch torthaí sna scrúdaithe Gaeilge.

Leantar leis an gclaonadh go fóill. Táim ag ceapadh go mba chóir rud éigin a dhéanamh faoi seo. Mar is eol dúinn go léir, tréimhse tábhachtach i saol aon duine is ea na déaga.

Fanann pé rud a thárlaíonn i rith an tréimhse seo — maith nó olc — leat ar feadh do shaol. Mar thoradh ar seo, is dóigh liom go mba cheart do gach éinne sa Ghaeltacht iarracht a dhéanamh dea shampla a theaspáint dos na micléinn seo.

Caithfimíd a chur ina luí orthu gur teanga beo bríomhar is ea í an Ghaeilge. Agus gach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go mbaineann siad taithneamh thar na bearta as na seachtainí a chaitheann siad inár measc.

Níl aon teorainn leis an méid deifríochta gur féidir leis seo a dhéanamh. D’fhéadfadh sé dearcadh na daoine óga seo i leith na teanga a athrú go h-uile agus go h-iomlán.

Is cuimhin liom an chéad turas a thugas ar an Fhrainc. Bhíos ag staidéar Fraincís ar scoil agus bhí ag éirí go maith liom ó thaobh mo chuid scrúdaithe dhe. Ach rud deifriúil ab ea é bheith ag iarraidh an teanga a labhairt le cainteoir dúchasach.

Bhí sé deacair. Thóg sé tamall fada dom dul i dtaithí air ach chuas i dtaithí air agus thuig mé rud éigin tábhachtach faoi theangacha.

I mo thuairimse, ní mór an luach atá ar theanga go dtí go labharann tú é. Tá saibhreas a bhaineann leis an gcaint nach féidir a bhraith sa litríocht. Ní féidir é a bhraith i gceart agus tú á éisteacht leis ach oiread.

Braitheann agus tuigeann tú an saibhreas seo nuair a dhéanann tú iarracht an teanga a labhairt lasmuigh den seomra ranga, le duine éigin a labharann an teanga gach aon lá.

Nuair a éiríonn leat é seo a dhéanamh don chéad uair, gan botún nó amhras ar bith, braitheann tú bródúil asat fhéin.

Anuas ar sin, tuigeann tú go bhfuil tú ag cur aithne níos a dhoimhne ar an dteanga agus ar na daoine a labharann í.

Nach iontach a bheadh sé dá ma rud é go bhféadfaimís é seo a dhéanamh don Ghaeilge?

Tá aithne agam ar dhaoine a dhéanann iarracht amhlaidh a dhéanamh agus as seo amach, beadsa ina measc.

Nílim ag súil le stádas an Bhéarla mar phríomh theanga na h-Éireann a athrú ach b’fhéidir go n-athrófar stádas na Gaeilge go teanga go mbeadh bá ag daoine léi, teanga go bhféadfaidís taithneamh agus mórtas a bhaint as í a labhairt. Sin é mo dhóchas an tseachtain seo.

Sula ndéanaim dearmad, sí an chúis go nglaotar ‘lá breás’ orthu ná nuair a thángadar tímpeall ar dtúis, ní rabhadar in ann aon rud a rá ach amháin go raibh an lá/an aimsir go breá!

Caithfimíd a thuilleadh a mhúineadh dóibh.

Gluais....................................Glossary

Lá breá ................................a fine day
Micléinn..................................students
Gníomhaíochtaí ......................activities
Trí mheán..........through the medium of
Dathúil ............................good looking
Caidreamh..........................relationship
Meas ........................................respect
I bhfeighil ..............................in charge
Claonadh................................tendency
Teorainn ......................................limits
Go h-uile agus go h-iomlán....completely
Dul i dtaithí ....................to get used to
Botún ......................................mistake
 

Follow
theirishpost on Twitter

  Celebrating 125 years of the GAA, Railway Cup Ruislip 2009.




Find me a Job Car Date Home to buy Home to Let