Tá slaghdán agam inniu a léitheoirí agus níl aon fhonn scríobhnóireachta orm ach toisc gur maith liom sibh, déanfaidh mé mo dhícheall díbh.
Inseoidh mé scéal. Scéal is ea é seo mar gheall ar chultúr an bhídh anseo in Éirinn.
Coicíos ó shin, nó mar sin, thosaigh mé ag scríobh blag (níl sé ar líne agam go fóill ach nuair a bheidh, bígí cinnte go ndéarfaidh mé libh faoi) agus ó shin i leith, táim ag cuimhneamh mar gheall ar chúrsaí bídh. Cén fáth?
Bhuel, bhí suim i gcónaí agamsa i gcúrsaí bídh. Is breá liom bheith ag cócaireacht agus ag bácáil.
Anuas ar sin, táim páirteach i margadh na bhfeirmeoirí sa Daingean le beagnach bliain anuas. Bíonn seastán agam ann gach seachtain, ag díol cístí.
Mar thoradh ar seo, táim i dteangmháil rialta le daoine go bhfuil spéis acu i mbia blasta folláin. Daoine a dhéanann cáis, daoine a fhásann glasraí, daoine a thógann ainmhithe agus cearca agus daoine go bhfuil suim acu ins an mbia seo go léir a ithe.
Le ró fhada, bhíodh droch chlú ar Éirinn mar thír lán de dhaoine nach raibh an méid sin suime acu i gcúrsaí bídh. B’é an tuairim comónta ná go raibh oidhreacht an ghorta i bhfeidhm.
Bhí am an ghátair fós láidir i gcuimhne na ndaoine mar sin, ba chuma an raibh blas deas ar an mbia, ba chóir dúinn a bheith buíoch go raibh aon bia le n-ithe againn in aon chor.
Má léiríonn an teangmháil atá agam le daoine ag an margadh aon rud, léiríonn sé go bhfuil an dearcadh seo ag athrú. Agus má fhéachann tú ar na h-Éireannaigh go léir a bhíonn ag scríobh faoi chúrsaí bídh, cruthúnas eile is ea é sin.
Anois, nílim ag caint mar gheall ar leithéidí Darina Allen nó Clodagh McKenna, cé go bhfuil ana chuid déanta acu siúd ar son na cúise.
Táim ag caint faoi dhaoine a bhíonn ag scríobh ar an idirlíon don chuid is mó, daoine nach bhfuil clú orthu (go fóill) ach go bhfuil go leor atá luachmhar le rá acu.
Táim chun cuid acu a chur in aithne díbh inniu.
Tóg www.thedailyspud.com mar shampla. Suíomh is ea é seo ina gcéiliúrtar gach rud a bhaineann leis an bpráta.
Tá sé thar am go raibh suíomh mar seo againn mar cé go n-itheann Éireannaigh prátaí go mion minic, ní chuirtear a dhóthain luach ar phrátaí agus ar an méid slite éagsúla inar féidir bia breá blasta a dhéanamh astu. Suíomh eile a thaithníonn liom ná www.icanhascook.wordpress.com.
Bean óg is ea í Aoife atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid cócaireachta. Déanann sí cur síos ar na béilte a ullamhaíonn sí ag abaile agus conas a éiríonn (nó nach éiríonn) léi. Geallaim díbh go mbainfidh sibh triail as cuid acu.
Meiriceánach atá ina cónaí sa Daingean is ea é Kieran Murphy, an fear atá laistiar de www.icecreamireland.com.
Bhunaigh sé féin agus a dheartháir Seán Murphy’s Ice Cream sa bhaile deich mbliana ó shin agus thosaigh sé ag scríobh mar gheall ar uachtar reoite, seacláid, rudaí milise agus gach aon ní a bhaineann le bia ní ró fhada ina dhiaidh sin.
Tá suíomh álainn aige, le pictiúirí aoibhinne, oidis agus nuacht faoi imeachtaí, bialanna agus siopaí suimiúla ar fud na tíre.
Fear óg, fuinniúil is ea Donal Skehan a scríobhann
www.thegoodmoodfoodblog.com. Ceoltóir is ea an fear seo chomh maith le cócaire.
Tá a chlú ag fás freisin agus is féidir a leabhar a cheannach sna siopaí agus é a fheiscint ar an dteilifís ó am go h-am.
Má thugann sibh turas ar a shuíomh, feicfidh sibh cén fáth go bhfuil an méid sin tóir air agus ar a chuid bídh.
Agus seo dhíbh ceann amháin eile: www.bibliocook.com. Suíomh suimiúil is ea é seo mar go bhfuil go leor le fáil ann.
Tá oidis, léirmheasanna ar imeachtaí agus bialanna agus cur síos ar dhaoine ar fud na tíre atá ag déanamh rudaí iontacha le bia.
Is dóigh liomsa gur comhartha dóchasach é go bhfuil a leithéid seo le fáil ar an idirlíon (agus níl anseo ach sampla ana bheag don méid daoine atá ag scríobh faoi chúrsaí bídh).
Cruthaíonn sé go bhfuil cultúr an bhídh ag fás anseo in Éirinn.
N’fhéadfaí sinn a chur i gcomparáid leis na Francaigh nó na h-Iodálaigh ach táimíd ag foghlaim go bhfuil bia againn anseo in Éirinn go mba chóir dúinn a bheith bródúil as agus go mba chóir dúinn a chéiliúradh.
Sin é a bheidh ar bun agamsa i mo bhlag féin sara fada. Tá sceitimíní orm faoi.
Gluais....................................Glossary
Slaghdán ......................................cold
Fonn ..................................enthusiasm
Dícheall ....................................utmost
Blag ..............................................blog
Seastán ......................................stand
Teangmháil ..............................contact
Blasta ..........................................tasty
Folláin ......................................healthy
Cearca..........................................hens
Oidhreacht ..............................heritage
Gorta ........................................famine
Cruthúnas....................................proof
Luachmhar ..............................valuable
Uachtar reoite ......................ice cream
Oideas........................................recipe
Fuinniúil ................................energetic
Léirmheas..................................review
Comhartha ....................................sign
Bródúil ........................................proud
Sceitimíní ............................excitement