Search

Columnists

Athruithe ar bun i sochaí na hÉireann: céard is brí leo go léir?


Last Updated Jul 2010
By: TCM Editorial

Uaireanta, nuair a thárlaíonn athrú éigin sa tsochaí tímpeall ort, tógann sé tamall gach rud a scagadh agus tábhacht an t-athrú sin a thuiscint go soiléar.

Sin atá ar bun agamsa faoi láthair. Inseoidh mé díbh faoi.

Is cuimhin liom bheith ag siúl i mBaile Átha Cliaith, thart ar Choláiste na Tríonóide, lá amháin blianta ó shin. Chonaic mé leaideanna óga ag imirt cruicéad, cluiche go raibh dlúth bhaint aige le cultúr na Breataine agus cluiche nach bhfeicfeá á imirt go minic ag an dtráth úd.

Tá sé seo athruithe anois. Uair amháin, nuair a bhí leithéidí an t-Árd Easpag McQuaid i gcumhacht, ní raibh cead sacar a imirt fiú ach ins an lá atá inniu ann, sé sacar ceann dos na cluichí is mó a imrítear sa tír agus tá borradh ag teacht ar an gcruicéad.

Níl an méid céanna daoine á imirt agus a imríonn caid ach tá ag éirí thar barr leis an bhfoireann náisiúnta sa tSraith Domhanda atá ar siúl i láthair na h-uaire agus tá foireann againn sa Daingean (baile beag Gaelach ina mbíodh doicheall i gcoinne a leithéid le braith ní ró fhada ó shin).

Rud amháin is ea an cruicéad agus rud eile is ea an turas go ndeirtear go dtabharfaidh Banraíon Eibhlís ar an dtír seo an bhliain seo chughainn.

Séard a deireann an Taoiseach faoi seo ná gur comhartha maith a bheadh ann, comhartha a thaispeánfadh go raibh cáirdeas buan idir an dá thír agus go raibh fadhbanna polaiticiúla agus cultúrtha ár sínsear curtha dínn againn.

Táim ag machnamh go doimhin ar an dá rud seo agus tá go leor ceisteanna agam fútha.

Tóg mar shampla nuair a bhíos ag scríobh an mhír dheireanach. Ní rabhas cinnte ar cheart dom ‘Banraíon’ a scríobh le ceannlitir. An rabhas ag teaspáint an iomarca ómóis di mar ní h-í banraíon na tíre seo í? Agus níl sa cheist san ach tús an scéil.

Cé go n-aontaím le breithiúnas an Taoisigh gur maith an rud é go bhfuil an gaol idir Éire agus an Bhreatain anois chomh socair gur féidir turas mar seo a phlé, caithfear an taobh eile don scéal a thuiscint freisin.

Throid ár sínsear i gcoinne na Breataine ar feadh na céadta bliain chun saoirse agus neamhspleáchas na tíre seo a bhaint amach.

Nílim ag rá go mba cheart dúinn leanúint leis an dtroid seo ar chor ar bith ach ar chóir dúinn fial fáilte a chur roimh an té a sheasann d’impireacht na Breataine an lae inniu?

Céard a deireann sé seo fúinn agus faoin meas atá againn orainn fhéin agus ar ár n-oidhreacht?

B’fhéidir go ndeireann sé go bhfuilimíd fásta suas agus go bhfuil fadhbanna na seanama sáraithe againn.

Ach tá seans ann go ndeireann sé rud éigin eile: go bhfuil dearmud déanta againn ar thábhacht ár saoirse, ár neamhspleáchais agus ár bhféiniúlacht.

Táim meascaithe faoi seo agus níl freagraí na ceisteanna seo agam go fóill. Ach táim cinnte faoi dhá rud.

Ar an gcéad dul síos, is dóigh liom gur maith an rud é ó thaobh na Breataine go bhfuil an banraíon ag cuimhneamh ar chuairt a thabhairt ar Éire. Níor thug aon rí nó banraíon turas ar Éire ó bunaíodh an Saorstát.

Tá sé in am é seo a réiteach. Is dóigh liom go léireodh turas mar seo go bhfuil meas ag údaráis na Breataine ar Éirinn. Chruthódh sé freisin go bhfuil gaol cothrom, cáirdiúil idir an dá thír inniu (in ainneoin ár stair chorraitheach).

Ar an ndara dul síos, creidim go gcaithfear an turas a láimhseáil go cúramah.

Caithfear an meas ceart a chur in iúil don mbanraíon ach gan dul thar fóir leis. Freisin, ba cheart go mbeadh seans ag gnáth daoine na hÉireann teangbháil éigin a bheith acu léi, seachas í a cheilt i measc na bpolaiteoirí.

Tá mórán dul chun cinn déanta againn maidir leis an ngaol atá againn leis an mBreatain ach tá go leor fós le déanamh.

Mar is léir ón mborradh atá tagtha ar chruicéad, táimíd ag glacadh leis na gnéithe dearfacha atá tagtha anuas chughainn ós na Sasanaigh a bhí (agus atá) inár measc le fada.

Agus mar a chruthaíonn an turas atá á eagrú ag an mbanraíon, táimíd ag iarraidh na fadhbanna a bhí eadrainn a réiteach. Rud dearfach, dóchasach is ea é seo. Tá súil agam gur féidir é a dhéanamh i slí a léiríonn meas ar oidhreacht an dá thír agus na láidreachtaí atá ag an mbeirt againn.

D’fhéadfaí gur eachtra siombalach tábhachtach a bheidh anseo. Go mbainfimíd go léir tairbhe as.

Gluais....................................Glossary

Sochaí ......................................society
Brí ..........................................meaning
Scagadh..........................................sift
Soiléar..........................................clear
Cruicéad....................................cricket
Borradh ....................................growth
Foireann ......................................team
Sraith Domhanda ............World League
Doicheall ............................resentment
Comhartha ....................................sign
Mír ..........................paragraph, section
Ceannlitir ..........................capital letter
Ómós....................................deference
Breithiúnas ............................judgment
Socair ........................................stable
Ar an gcéad dul síos....in the first place
Dul thar fóir ..................go over the top
 

Follow
theirishpost on Twitter

  Celebrating 125 years of the GAA, Railway Cup Ruislip 2009.




Find me a Job Car Date Home to buy Home to Let