TÁIM ag tabhairt rabhadh díbh an babhta seo.
Sea, tá a fhios agam go mbím ró dhéanach go minic.
Ní thugaim go leor ama díbh aon socrú a dhéanamh chun freastal ar na h-ócáidí a bhíonn faoi chaibidil agam.
Níl sé fíor sa chás seo. Mar sin, léigí an méid atá le rá agam anseo agus beidh a fhios agaibh an fiú díbh freastal ar an bhféile spéisiúil seo.
Is í an fhéile seo an Fhéile Pan Cheilteach agus i mbliana, beidh sí ar siúl sa Daingean, i mo bhaile beag fhéin, ón 6ú go dtí an 11ú lá d’Aibreán.
Tá gach éinne anseo ag súil leis cheana féin mar gur dóigh le gach éinne go mbeidh togha ceoil, amhránaíochta, bídh agus craic le blaiseadh i mbaile an Daingin dá bharr.
Is í seo an 39ú fhéile agus an chéad uair di a bheith ar siúl sa Daingean. Is í an fhealsúnacht atá laistiar de ná na teangacha Ceilteacha agus cultúr, ceol agus spóirt Ceilteacha a chur chun cinn agus a threisiú.
Anuas ar sin, teastaíonn ós na daoine laistiar den bhféile turasóireacht, tráchtáil agus teangbháil idir tíortha Ceilteacha a chothú freisin.
Is iontach iad na h-aidhmeanna seo agus más féidir comhoibriú idir Alba, Breizh, Cymru, Éire, Kernow agus Mannin a chur chun cinn, ba chóir é seo a dhéanamh. Níos fearr fós más féidir é a dhéanamh agus craic a bheith againn ag an am céanna.
Beidh go leor ar siúl i rith na féile. Beidh taispeántaisí rínce agus ceoil ós na náisiúin go léir.
Beidh céilithe agus ceolchoirmeacha. Beidh comórtaisí amhránaíochta, comórtaisí rínce agus comórtaisí ceoil (comórtaisí cruite, fidil agus na bpíob ina measc).
Ní shin deireadh leis an iomaíocht ach oiread. Beidh comórtas gailf agus comórtas camógaíochta ar siúl freisin dóibh siúd go bhfuil féith an spóirt iontu.
Muna bhfuil go leor fuinnimh agat chun páirt a ghlacadh ina leithéid seo, ná bí buartha faoi. Beidh go leor eile le déanamh freisin.
Is féidir leat freastal ar chlub na féile, ceolchoirm a bheidh ar siúl gach tráthnóna ag a gcloisfidh tú togha agus rogha an cheoil Éireannach agus Mainninis chomh maith le ceol ón mBriotáin, ón gCorn, ón mBreatain Beag agus ó h-Alba.
Tá ag éirí thar barr leis an bhféile seo le beagnach dhá scór bhliain agus mar thoradh ar seo, spreagadh grúpaí eile chun féilte eile a chur ar bun.
D’fhás Kan ar Bobal sa Bhriotáin, Lowender Peran sa Choirn agus an Cruinneach ar Oileán Mhainnin as an fhéile Pan Cheilteach. Gura fada buan iad.
Ach anuas ar seo go léir, is é an rud is fearr faoi na féilte seo ná an seans a thugann said do dhaoine bualadh le daoine eile atá cosúil leo fhéin, daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge nó i dteanga Cheilteacha eile agus daoine go bhfuil suim acu sa chultúr Gaelach/Ceilteach.
Is annamh go mbíonn seans chomh maith leis seo againn bualadh le chéile agus molaim do gach éinne agaibh an deis a thapú agus freastal ar an bhféile seo más féidir libh in aon chor.
Cuirfidh sibh aithne ar dhaoine nua. Cuirfidh sibh feabhas agus snas ar bhúr gcuid Gaeilge.
Foghlaimeoidh sibh mar gheall ar na cultúir Ceilteacha eile. B’fhéidir go bhfoghlaimeoidh sibh cúpla focal dá dteanga fiú.
Cé a bheadh ábalta a leithéid a dhiúltú? Tá súil agam go bhfeicfidh mé ann sibh.
Agus má tá gá agaibh le cúis amháin eile le aghaidh a thabhairt ar an nDaingean, ba cheart díbh an Lonely Planet a léamh.
Coicís nó mar sin ó shin, séard a dúirt lucht an Lonely Planet faoi Éire ná go raibh an cultúr traidisiúnta ag dul i léig agus go raibh an tír seo anois cosúil le mórán tíortha eile.
Mar sin féin, dúradar freisin go raibh pócaí beaga sa tír ina bhféadfaí an traidisiún a fheiscint go fóill.
Luadar cathair Chorcaí mar áit ina bhféadfaí bia blasta a ithe, siúl tímpeall go fuirist agus súp a bhaint as carachtar na cathrach.
Luadar an Ghaillimh freisin, go mórmhór na sean tithe tábhairne agus na seisiúin ceoil.
Díbhse atá ag lorg áiteanna faoin dtuath, molann siad Contae an Chláir freisin.
Radharcanna aoibhinne cois farraige chomh maith le cultúr láidir — sin iad na rudaí atá ar fáil anseo dar leo.
Geallaimse díbh gur póca beag traidisiúnta í an Daingean chomh maith.
Cé gur rinneadh alán forbairt ar an áit le deich mbliana anuas, maireann an cultúr go fóill agus beidh a rian san le feiscint i rith an Fhéile Pan Cheilteach.
Bígí ann agus bainfidh sibh taithneamh as.
Gluais ................................Glossary
Rabhadh ..............................warning
Freastal....................................attend
Togha ..................the pick of (select)
Fealsúnacht ......................philosophy
A threisiú ......................to strengthen
Tráchtáil ............................commerce
Aidhmeanna ..............................aims
Breizh ..............An Bhriotáin, Brittany
Cymru ................An Bhreatain Bheag
Kernow ................An Corn, Cornwall
Cruit ..........................................harp
Iomaíocht ........................competition
Buartha ................................worried
A chur ar bun ......................to set up
Forbairt..........................development
Rian ..................................sign, trace